" "

26/02/2020

Turas agus Tae

Turais Ghaeilge de Pháirc an Chrócaigh fógartha ag Músaem Pháirc an Chrócaigh do Sheachtain na Gaeilge

Tá Páirc an Chrócaigh ag croílár shaol spóirt na hÉireann le os cionn 100 bliain. Tá spás le haghaidh breis agus 82,300 duine inti agus tá an staid iontach seo ar an tríú staid is mó san Eoraip.

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an staid dhraíochtúil seo ná spás, mar sin féin, mar a fheicfidh aon duine a shocraíonn gabháil ar an turas suimiúil iontach seo, a chlúdaíonn chuile choirnéal den staid.

Tabharfaidh treoraithe paiseanta an turais seo ar camchuairt inspioráideach timpeall ár staide náisiúnta thú ina n-áireofar léargas aisteach maidir leis an gcúis a mbíonn féar Pháirc an Chrócaigh chomh glas is atá, go dtí na heachtraí suntasacha a thit amach inti i stair na hÉireann.  

Agus é aitheanta ar cheann de na rudaí is fearr a d’fhéadfá a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, áirítear deis suí i rannóg na ndaoine mór le rá, radharc chuimsitheach ar an bpáirc imeartha ó ionad na meán, turas ar na seomraí gléasta, agus, dar ndóigh, deis siúl tríd an tollán agus amach taobh leis an bpáirc mar a rinne laochra móra na gcluichí Gaelacha roimhe, sa turas seo. 
 
Mar chuid den turas seo beidh cupán tae in aisce ag fanacht ort i gCaifé an Draighneáin Dhoinn tar éis an turais. Is ar an Satharn, 7 Márta agus ar an Satharn, 14 Márta a bheidh na turais Ghaeilge seo ar fáil.
 
Is iad seo a leanas costais na dturas:
Duine Fásta: €7
Mac Léinn/Sinsear: €5
Leanbh: €3
Ráta Teaghlaigh de 4: €20
Faoi 3: In aisce


Ticéid A Cheannach

GAA Museum announces Irish language tours of Croke Park for Seachtain na Gaeilge

To celebrate Seachtain na Gaeilge the GAA Museum will be offering Irish language tours for a reduced rate on the 7th and 14th March at 1.30pm. The tour will last 90 minutes and give visitors a backstage pass into the stadium showcasing areas such as Senior Dressing Rooms, Pitch side, Ard Chomhairle, Media Centre and GAA Museum. Following the conclusion of the tour enjoy a complimentray cup of tea in our Blackthorn Café at the GAA Museum.

Prices as follows (reduced rate):
Adult: €7
Student/Senior: €5
Child: €3
Family of 4: €20
Under 3s: Free of Charge


Buy Tickets