04/03/2019

Seachtain na Gaeilge

Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge beidh turais Ghaeilge á dtairiscint ag lucht Mhúsaem CLG ar 16 Márta ar 12in. Mairfidh an turas seo 90 nóiméad agus beidh deis ag cuairteoirí na seomraí gléasta a fheiceáil, gabháil taobh leis an bpáirc, cuairt a thabhairt ar an Ard-Chomhairle, ar Ionad na Meán agus ar an Músaem féin. Is féidir ticéid a fháil anseo:  

ticéid a cheannach


To celebrate Seachtain na Gaeilge the GAA Museum will be offering tours As Gaeilge on the 16th March at 12pm. The tour will last 90mins and give visitors a backstage pass into the stadium showcasing areas such as Senior Dressing Rooms, Pitch side, Ard Chomhairle, Media Centre and GAA Museum. For tickets please visit:

buy tickets




Tá Páirc an Chrócaigh ag croílár shaol spóirt na hÉireann le os cionn 100 bliain. Tá spás le haghaidh breis agus 82,300 duine inti agus tá an staid iontach seo ar an tríú staid is mó san Eoraip.

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an staid dhraíochtúil seo ná spás, mar sin féin, mar a fheicfidh aon duine a shocraíonn gabháil ar an turas suimiúil iontach seo, a chlúdaíonn chuile choirnéal den staid.

Tabharfaidh treoraithe paiseanta an turais seo ar camchuairt inspioráideach timpeall ár staide náisiúnta thú ina n-áireofar léargas aisteach maidir leis an gcúis a mbíonn féar Pháirc an Chrócaigh chomh glas is atá, go dtí na heachtraí suntasacha a thit amach inti i stair na hÉireann.  

Agus é aitheanta ar cheann de na rudaí is fearr a d’fhéadfa a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, áirítear deis suí i rannóg na ndaoine mór le rá, radharc chuimsitheach ar an bpáirc imeartha ó ionad na meán, turas ar na seomraí gléasta, agus, dar ndóigh, deis siúl tríd an tollán agus amach taobh leis an bpáirc mar a rinne laochra móra na gcluichí Gaelacha roimhe, sa turas seo.