Croke Park | Tabhair Cuairt Orainn | Caifé an Mhúsaeim

Caifé an Mhúsaeim

Tá eispéireas nua, a bhfuil biachláir nua agus dealramh nua mar chuid de, le fáil i gCaifé an Mhúsaeim. Tá bia iontach, friotháil den scoth agus timpeallacht chompordach ar fáil sa chaifé bríomhar seo.


Bíonn míreanna tarraingteacha so-bhlasta le fáil ar an mbiachlár bricfeasta agus ar an mbiachlár lóin. Athraítear na biachláir in aghaidh an lae agus is féidir roghnú a dhéanamh as raon leathan sailéad baile, plátaí teo agus ceapairí beadaí a dhéantar de réir mar a ordaítear iad. Bíonn gach ní ar an mbiachlár bunaithe ar chomhábhair shéasúracha úra agus is go heiticiúil a aimsítear na caifí agus na taenna go léir.


Bíodh tae iarnóin nó lón iomlán uait, beidh sé go léir ar fáil i gCaifé an Mhúsaeim!


Uaireanta Oscailte:

Luan go Satharn: 10.00 - 16.00
Dé Domhnaigh: 11.00 - 16.00